Wednesday, November 26, 2008

Ag iarraidh an dubh a chur ina bán


Tá John Gormley ag brath brú ar aghaidh le cosc iomlán ar bholgain solais den déanamh traidisiúnta ón bhliain seo chugainn ar aghaidh. Is dócha ón mhéid a chonaic mé go dtí seo go bhfuil sé ag cur agus ag baint den mholadh go fóill ach go bhfuil sé maíte ar a dhéanamh cibé rud a tharlaíonn. Ní mó ná sásta atá go leor daoine sna 26 Chontae agus bíonn na seónna cainte ar raidió agus na pléchláir éagsúla lán ó shin le daoine atá ag tabhairt amach faoin mholadh. Tá ceisteanna le socrú faoi dhaoine a mbíonn fadhb sláinte acu mar gheall ar sholas ar leith. Agus caithfear a shárú fadhbanna a bhaineann le bolgáin den nua-dhéanamh a dhumpáil nuair a bheas deireadh leo. Ach tá an ceart ag John Gormley. Caithfear éirí as an chaint agus an blah blah faoi fhuinneamh agus cúrsaí glas. B'fhéidir go mbeadh praghas le híoc as gearradh siar ar an lorg carbón, as a bheith ag cloí le hardchaighdeán ó thaobh na timpeallachta. Ach bíodh amhlaidh. Íoctar an praghas seo anois nó íocfar praghas míle oiread níos measa i gcionn 20 bliain. Tá mise le Gormley ar an cheann seo. Cuirtear cosc ar na bolgáin - anois!

Caint ealaíonta




Adolf sna hArda, leabhar le Cois Life, an scannán Hunger, mar aon le dá leabhar i mBéarla, 'The Book Thief' le Marcus Zusak agus 'The Knife of Never Letting Go' le Patrick Ness atá le bheith faoi chaibidl ar an chéad eagrán de 'Ealaíon na Déardaoine' ar Raidió Fáilte oíche Dhéardaoine. Tosóidh an clár ar 7.00 i.n. agus mar aon leis an phainéal stiúideó, Séamus Mac Aindreasa, Janet Muller is Dónall Mac Giolla Cóil, beidh míreanna ann leis an aisteoir Pádraig Ó Tuairisc agus leis an cheoltóir Eamon Ó Faogáin. Díreach cuid dá bhfuil i ndán duit ach tú éisteacht leis an chéad eagrán de 'Ealaíon na Déardaoine' ar Raidió Fáilte, Déardaoin, 7.00 ar 107.1fm nó ar líne ar www.raidiofailte.com Má tá aon ábhar a shíleann tú go mba cheart dúinn a bheith ag tuairisciú ar Ealaíon na Déardaoine gabh i dteagmháil linn ag eoghan@raidiofailte.com